Ceangal 

Bunaíodh Ceangal i 2005 chun freastal ar cheisteanna rialála agus iomaíochta sna hearnálacha a bhfuil ‘gréasán’ éigin ag baint leo – teileachumarsáid, post, fuinneamh, iompair, dramhaíl ina measc. Díríonn Ceangal isteach ar na rialacha casta Eorpacha a réitíonn iompar iomaitheoirí  ar na margaí sin: mórchomhlachtaí ar an taobh amháin ;  iomaitheoirí nua-thionscanta ar an taobh eile; an Stát, a chuireann creatlach rialachán le chéile; agus rialtóirí a chuireann an chreatlach sin i bhfeidhm. Faoi chaibidil ag Ceangal faoi láthair tá an léirscaoileadh iomlán sa tseirbhís phoist agus cúrsaí leathanbhanda in Éirinn: an tslí is éifeachtaí infheistiú ceart a dhéanamh i mbonneagar teileachumarsáide na tíre ionas go mbeadh sé feiliúnach don chéad ghlúin eile.

 



Conchubhar Ó Dálaigh

Is comhairleoir gnó é Conchubhar Ó Dálaigh, a bhfuil dlúthbhaint aige leis an ngnó idirnáisiúnta, go háirithe san earnáil teileachumarsáide, le breis is 20 bliain anuas.  

Rugadh Conchubhar i Sasana agus d’fhreastail sé ar Choláiste Stonyhurst, scoil cónaithe na nÍosánach ansin, áit a chur sé suim sna teangacha – an tSean-Ghréigis agus an Rúisis ina measc.  Rinne sé staidéar ar an nGréigis i gColáiste na Tríonóide BÁC leis an Ollamh W.B. Stanford,  agus caith sé an bhliain 1981-82 san Aontas na Sóivéadach ag foghlaim na Rúisise.  Bhain sé céim PhD amach i dteangeolaíocht na tíortha Slavacha ag an Ollscoil California Berkeley agus d’fhill sé ar Éirinn i 1990.  Tá sé gafa leis an earnáil gnó ó shin – ar dtús le Telecom Éireann, agus seal cáite i mBudapest na hUngáire leis an gcomhlacht sin;  ansin mar stiúrthóir seirbhísí mórdhíola le Esat Telecom, agus faoi dheireadh mar phríomhoifigeach oibríochtaí le eTel – comhlacht teileachumarsáide le gníomhaíochtaí ar fud na hEorpa Láir.  

Mar bhall den Ionad um Ghnó agus Nuálaíocht Bhaile Átha Cliath (Dublin Business Innovation Centre www.dbic.ie) tugann Conchubhar meantóireacht do ghnólachtaí beaga: conas plean ghnó cuimsitheach a chur le chéile a mbeadh tarraingteach d’infheisteoirí, agus teacht ar fhoinsí airgeadais.   

Bhíodh sé páirteach i scéimeanna ghnó agus fiontraíochta san Iarthuaisceart le Údarás na Gaeltachta agus Fiontraithe le Gaeilge.  Tugann sé agallaimh ar raidió ar chúrsaí teileachumarsáide agus ríomhaireachta chomh maith.

Tá Conchubhar ina bhall den Fhoras Gnó na hÉireann - eagraíocht do lucht gnó a thagann le chéile i mBialann na gComhaltaí i dTeach Laighean uair sa mhí chun cúrsaí gnó an lae agus eile a phlé.

Tá an-shuim aige sa cheol: bunaigh sé eagras nua Nóta (www.nota.ie) i 2007, chun ilchineálacht cheoil clasaiceach in Éirinn a chur chun cinn.  

© 2011 Ceangal

                                    Ceangal

                   Comhairleoirí rialála agus iomaíochta